Home | Contact NUI  

 

26 April 2024  


Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge

09.10.2016



Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge’, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, 7-8 Deireadh Fómhair 2016

Ar an 7/8 Deireadh Fómhair Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge2016 cuireadh an 25ú ‘Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge’, dar teideal 1916 agus an Fhéiniúlacht Náisiúnta, ar siúl in Áras na Gaeilge ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Is é an comhdháil seo an t-aon chomhdháil amháin ina dtugtar gach léacht trí Ghaeilge. Ba mhór d’Ollscoil na hÉireann a bheith mar urraitheoir ar an gcomhdháil, ar fhreastal éagsúlacht aoiléachtóirí agus mac léinn air. Pléadh réimse leathan téamaí: samhlú an náisiúin nua, dioscúrsaí i leith na féiniúlachta agus i leith na Gaeilge sa tréimhse roimh bhunú an stáit agus ina dhiaidh, chun cúpla ceann a ainmniú. Ag labhairt ag an gcomhdháil, dúirt Cláraitheoir OÉ, an Dr Attracta Halpin go gcuireann “scéal na Gaeilge agus Ollscoil na hÉireann chun suntais an gaol casta atá ann idir an teanga, cultúr na Gaeilge agus an fhéiniúlacht náisiúnta, ábhar na comhdhála seo.”


Seoladh trí leabhar de chuid An Dr Tadhg Ó Dúshláine (Ollscoil Mhaigh Nuad), Ailbhe Nic Giolla Chomhaill (OÉ Gaillimh) agus Alex Hijmans ag an gComhdháil agus rinneadh an dara heagrán den ríomhiris phiarmheasta acadúil, COMHARTaighde agus an suíomh idirlín Léann a sheoladh chomh maith.

I measc na n-aoiléachtóirí, bhí eagarthóir na hirise Éigse, An t-Ollamh Liam Mac Mathúna a labhair ar Dhúbghlas de hÍde agus an ról a ghlac sé in athbheochan na Gaeilge. Bhí an Dr Mary Harris (OÉ Gaillimh), an t-Ollamh Nollaig Mac Congáil (Ollamh Emeritus, OÉ Gaillimh), an Dr Éadaoin Ní Mhuircheartaigh (Coláiste Phádraig) agus an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh (OÉ Gaillimh) ina n-aoiléachtóirí ag an gComhdháil freisin.

Is féidir breis eolais a fháil faoin gComhdháil ar www.comhdhail.com .


Irish language and literature conference ‘Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge’, NUI Galway, 7-8 October 2016

On the 7th/8th October 2016, the 25th ‘Comhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge’ (Conference on the Literature and Culture of the Irish Language) was held in Áras na Gaeilge at NUI Galway on the theme 1916 and National Identity. This is the only conference of its kind, in which all of the lectures are given through Irish. The National University of Ireland was proud to sponsor the conference which was attended by a variety of guest speakers and students. A wide range of themes were discussed: the imagination of a new nation, discourses on identity and on the Irish language in the period before and after the establishment of the state, to name a few. Speaking at the conference, Registrar of NUI, Dr Attracta Halpin said that “the story of Irish and NUI highlights the complicated relationship that exists between the language, the culture of the Irish language and national identity, the theme of this conference.”

The conference also saw the launch of three books by An Dr Tadhg Ó Dúshláine (Maynooth University), Ailbhe Nic Giolla Chomhaill (NUI Galway) and Alex Hijmans, as well as the second academic peer-reviewed electronic journal COMHARTaighde and the website Léann.

Amongst the guest speakers was the editor of Éigse, Professor Liam Mac Mathúna who spoke about Douglas Hyde and his role in the revival of the Irish langauge. Other speakers at the conference included Dr Mary Harris (NUI Galway), Professor Nollaig Mac Congáil (Professor Emeritus, NUI Galway), Dr Éadaoin Ní Mhuircheartaigh (St Patrick’s College, DCU) and Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh (NUI Galway).

Further information about this conference can be found on www.comhdhail.com