Home | Contact NUI  

 

29 March 2024  


Laoighseach Ní Choistealbha

Seansailéir OÉ An Dr Muiris Ó Mainín ag bronnadh Chéad Duais an Dr T K Whitaker sa Ghaeilge ar Laoighseach Ní Choistealbha ag Searmanas Bronnta Duaiseanna OÉ 2017.

Seansailéir OÉ An Dr Muiris Ó Mainín ag bronnadh Chéad Duais an Dr T K Whitaker sa Ghaeilge ar Laoighseach Ní Choistealbha ag Searmanas Bronnta Duaiseanna OÉ 2017.

 

Bhain Laoighseach Ní Choistealbha, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Chéad Duais an Dr T K Whitaker sa Ghaeilge amach sa bhliain 2017

 

Inis dúinn faoi do chuid taighde máistreachta?

Maidir le mo thráchtas máistreachta, dhírigh mé go príomha ar an bhéaloideas, an inscne, agus an antraipeolaíocht. Bhí suim i gcónaí agam sa mhiotaiseolaíocht agus i mbéaloideas na hÉireann, agus mar sin, d'éirigh liom mo thráchtas a bhunú ar na hábhair ab ansa liom. 'An Iarlais agus an Fuadach Sí: Léargas ar an Tairseachúlacht agus an Inscne sa tSochaí Réamhchaipitlíoch' a bhí mar theideal agam, agus dhírigh mé isteach go mion ar síscéalta na hÉireann chun adhmad an tráchtais a bhaint amach. Fuair mé amach le linn an staidéir go raibh róil inscne le sonrú go soiléir san ábhar, agus go ndeachaigh daoine i sochaí réamhchaipitlíoch i ngleic leis na ceisteanna is deacra (bás linbh, bás máthar, nó bás roimh an bhaiste) trí thagairt a dhéanamh do mheafair ósnádúrtha: an slua sí, an iarlais, agus an fuadach. De réir mar a chéile, tháinig ceisteanna casta antraipeolaíochta chun cinn freisin: ceisteanna a bhain le tairseachúlacht agus áit an duine sa tsochaí.

Mar aon leis sin, trí choincheap Jungach an Neamhchomhfheasa Choitinn, is féidir Dónall Dubh a léamh mar scáil an chine uilig. Is eisean an chuid dhorcha dínn nach deas linn í a aithint go minic. Mar atá ráite ag an reacaire sa dán “Baile Fearthainne”: Thá aithne Aige orainn/ is cuimhin leis/ gach geall is feall/ a shantaíomar/ tráth. Saothar úr réabhlóideach is ea cnuasach Shéamuis Bharra; atá tráthúil go leor do ré seo na Nua-Aoise; a bhfuil seodra feasa le baint as, dar liom, agus thug mé faoi iad a nochtadh i mo chuid taighde.


"Caithfidh mé a chur in iúl gur chuidigh
próiseas na duaise go mór liomsa agus mé i
mbun scríbhneoireacht an tráchtais. Nuair a chuir mé
isteach ar an duais, bhí orm smaoineamh go loighciúil ar na laigeachtaí agus na fadhbanna a bhain leis an tráchtas, agus faoi na laidreachtaí a bhí ann agus an obair dhian a bhí curtha díom go dtí an pointe sin. Dar ndóigh, nuair a chuaigh mé faoin agallamh, deis iontach a bhí ann mo thuairimí a léiriú agus mo thráchtas a chur in iúl do shaineolaithe eile."

Cén luach a bhí le Duais an Dr T K Whitaker sa Ghaeilge a bhaint amach duitse?

Caithfidh mé a chur in iúl gur chuidigh próiseas na duaise go mór liomsa agus mé i mbun scríbhneoireacht an tráchtais. Nuair a chuir mé isteach ar an duais, bhí orm smaoineamh go loighciúil ar na laigeachtaí agus na fadhbanna a bhain leis an tráchtas, agus faoi na laidreachtaí a bhí ann agus an obair dhian a bhí curtha díom go dtí an pointe sin. Dar ndóigh, nuair a chuaigh mé faoin agallamh, deis iontach a bhí ann mo thuairimí a léiriú agus mo thráchtas a chur in iúl do shaineolaithe eile. Nuair a chuir an paineál agallaimh ceisteanna orm, chonaic mé na rudaí a bhí mé in ann a fheabhsú agus na hábhair a bhí snasta go leor!

Agus gan dabht, nuair a d'éirigh liom an duais a bhaint amach, thug sin misneach mór dom, agus mé ag druidim le deireadh na scríbhneoireachta.

Cé hiad a héachtaí is mó proifisiúnta nó acadúla atá bainte amach agat go dtí seo?

(C–D) An Dr Lillis Ó Laoire, Ceann Roinn na Gaeilge, OÉG le Róisín Nic Aodhgáin, OÉG, buaiteoir Duais Chiste Theach an Ardmhéara sa Ghaeilge agus Laoighseach Ní Choistealbha, OÉG, buaiteoir Chéad Duais an Dr T K Whitaker sa Ghaeilge

(C–D) An Dr Lillis Ó Laoire, Ceann Roinn na Gaeilge, OÉG le Róisín Nic Aodhgáin, OÉG, buaiteoir Duais Chiste Theach an Ardmhéara sa Ghaeilge agus Laoighseach Ní Choistealbha, OÉG, buaiteoir Chéad Duais an Dr T K Whitaker sa Ghaeilge.

 

Faoi láthair, tá mé ag obair mar Leas-Uachtarán don Ghaeilge in Aontas na Mac Léinn in Éirinn, post a thugann deis dom páirt a ghlacadh i bhfeactais éagsúla ar fud na tíre. Seasaimid ar son chearta na mac léinn, agus tá breis is 374,000 mac léinn mar bhaill againn. Roimhe seo, d'oibrigh mé mar theagascóir Gaeilge in Ollscoil Leipzig na Gearmáine agus mar chúntóir i leabharlann Shéamais Uí Argadáin, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Bhuaigh mé Scoláireacht an Dr. H.H. Stewart i Litríocht na Gaeilge sa bhliain 2013, Scoláireacht Chiste Theach an Ard-Mhéara in 2016, agus Duais an Dr T K Whitaker in 2017. Seachas sin, d'éirigh liom céim Bhaitsiléara a bhaint amach in 2016 (Gaeilge, Stair, agus Scríbhneoireacht Chruthaitheach) agus céim Mháistreachta in 2017 (Nua-Ghaeilge), an dá chéim bainte amach ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

 

Bronnfar Duaiseanna an Dr T K Whitaker ar bheirt mhac léinn atá ag tabhairt faoi Mháistreachtaí Ealaíon sa Ghaeilge i gcomhollscoil OÉ arís sa bhliain 2018. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.