Home | Contact NUI  

 

18 April 2024  


Folúntas OÉ: Cúntóir feidhmiúcháin sinsearach in oifig an Chláraitheora

29.09.2022

Cúntóir feidhmiúcháin sinsearach in oifig an Chláraitheora

Ollscoil chónaidhmeach is ea Ollscoil na hÉireann ina bhfuil ceithre chomhollscoil agus roinnt institiúidí ardoideachais cónasctha eile. I gcroílár na hollscoile cónaidhmí, feidhmíonn OÉ mar fhóram do na comhaltaí, cuireann sí seirbhísí ar fáil dóibh siúd agus dá gcéimithe, agus déanann sí bainistíocht ar chláir agus ar chartlanna lárnacha na hOllscoil. Cuireann OÉ réimse leathan de ghníomhaíochtaí ar bun freisin d’fhonn an léann agus an taighde a chothú agus d’fhonn cur le dul chun cinn oideachais, cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíochta.

An ról

Mar Chúntóir Sinsearach Feidhmiúcháin, beidh freagrachtaí ar an té a cheapfar maidir le roinnt de ghníomhaíochtaí OÉ. Iarrfar orthu a bheith i gceannas ar aidhm straitéiseach OÉ  a sheachadadh agus a chur i bhfeidhm chun feabhas a chur ar chumarsáid lenár mball-institiúidí agus go seachtrach. Cuirfidh siad tacaíocht ar fáil freisin d’imeachtaí a eagraíonn OÉ, do choistí OÉ agus do riarachán acadúil.

Beidh an t-iarratasóir rathúil freagrach as:

  1. Cur i bhfeidhm na ngnéithe cumarsáide de ráiteas straitéise nua OÉ:

  2. Tacú le cur chuige athbhreithnithe chun dul i dteagmháil lenár mball-institiúidí;

  3. A chinntiú go mbíonn an-fheiceálach ag OÉ ar na meáin shóisialta;

  4. A chinntiú go dtagann a oiread poiblíochta agus is féidir ar imeachtaí agus tionscnamh OÉ;

  5. Tacú le forbairt plean/straitéis chumarsáide Ollscoil na hÉireann;

  6. Ról ceannaireachta a ghlacadh in eagrú, pleanáil agus imeachtaí rathúla a chur ar bun OÉ a chinntiú;

  7. An áirithint agus an lóistíocht a bhainistiú le haghaidh imeachtaí seachtracha a chuirtear ar bun ag OÉ, ag cinntiú eispéireas dearfach do pháirtithe leasmhara..

  8. Tacaíocht riaracháin a sholáthar d'fheidhmiú chruinnithe an tSeanaid;

  9. Seirbhísí rúnaíochta a sholáthar don Choiste Oideachais agus Sochaí;

  10. A chinntiú i gcomhar leis an mBainisteoir Gnóthaí Acadúla go leanann córas na scrúdaitheoirí seachtracha ag feidhmiú go héifeachtach;

  11. Cur le héifeacht an chórais mháithreánaigh;

  12. Ról lárnach a ghlacadh i gcumarsáid inmheánach agus sheachtrach go ginearálta, chomh maith le tacú leis an tsruth chomhfhreagrais in Oifig an Chláraitheora;

  13. Dualgais eile de réir mar is gá.

  14.  

    Má tá fiosruithe ar bith eile agat maidir leis an bpróiseas iarratais, déan teagmháil le r-phost: registrar@nui.ie nó ar an teileafón: 01 439 2424

Treoracha Iarratais:

Ní mór iarratais chríochnaithe a chur isteach trí ríomhphost: personnel@nui.ie nó is féidir cóip chrua a sheoladh isteach:

Oifig an Chláraitheora,
Ollscoil na hÉireann,
49 Cearnóg Mhuirfean,
Baile Átha Cliath D02 V583.

Ní mór a bheith curtha leis an iarratas:

  1. Foirm iarratais OÉ líonta amach
    (curtha ar fáil)

  2. Litir Chumhdaigh
    (faoi bhráid an Chláraitheora, ag míniú go bhfuil na cáilíochtaí/scileanna cuí ar do thoil agat)

  3. Curriculum Vitae
    (bíodh beirt agus a sonraí teagmhála curtha san áireamh mar mholtóirí ó iar-fhostaíocht agat)

Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil 5in Dé hAoine, 14 Deireadh Fómhair 2022.

Download


 

« Previous