Home | Contact NUI  

 

28 March 2024  


Folúntas OÉ: Cúntóir Feidhmiúcháin Sinsearach

04.04.2019

 

Ollscoil chónaidhmeach is ea Ollscoil na hÉireann ina bhfuil ceithre chomhollscoil agus roinnt institiúidí ardoideachais cónasctha eile. Agus í i gcroílár na hollscoile cónaidhmí, feidhmíonn OÉ mar fhóram do na comhaltaí, cuireann sí seirbhísí ar fáil dóibh siúd agus dá gcéimithe, agus déanann sí bainistíocht ar chláir agus ar chartlanna lárnacha na hOllscoil. Cuireann OÉ réimse leathan de ghníomhaíochtaí ar bun freisin d’fhonn an léann agus an taighde a chothú agus d’fhonn cur le dul chun cinn oideachais, cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíochta.

Féachann OÉ le post fholamh a líonadh ag leibhéal an Chúntóra Sinsearaigh Fheidhmiúcháin in Oifig an Chláraitheora.

Líonfar an post ar bhonn buan.

Is iad seo a leanas sainriachtanais an phoist seo:

  1. Scileanna cumarsáide scríofa agus béil den scoth
  2. Scileanna Teicneolaíocht Faisnéise den scoth, lena n-áirítear bainistiú ar bhunachair sonraí
  3. Scileanna riaracháin agus eagraíochta den scoth laistigh de thimpeallacht oifige
  4. Ardleibhéal cruinnis agus aird ar mhionsonraí
  5. An cumas le tionscadail iolracha a bhainistiú ag an am céanna
  6. An cumas le hobair a dhéanamh faoi bhrú d’fhonn spriocamanna a shroicheadh
  7. An cumas le hobair as a stuaim féin
  8. Taithí riaracháin/oifige trí bliana ar a laghad
  9. Scileanna maithe teileafóin
  10. Cáilíocht tríú leibhéal

Beidh taithí i dtimpeallacht ardoideachais agus/nó eolas oibre ar an nGaeilge ina mbuntáistí.

Má tá fiosruithe ar bith eile agat maidir leis an bpróiseas iarratais, déan teagmháil le r-phost: registrar@nui.ie nó ar an teileafón: 01-4392424

Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil 5pm Dé Luain 29 Aibreán 2019

 

Sonraíocht Poist agus Foirm Iarratais do Chúntóir Feidhmiúcháin Sinsearach

Íoslódáil

pdfPoist Mar Chúntóirí Feidhmiúcháin Sinsearach (109kb)
pdfIarratas ar Poist Mar Chúntóirí Feidhmiúcháin Sinsearach (128kb)

Má’s mian leat an fhoirm iarratais a chomhlánú ar an scaileán, ba chóir duit an pdf a íoslódáil ar do ríomhaire féin (deaschliceáil agus sábháil é). Bain úsáid as Adobe Reader chun an fhoirm a chomhlánú ós rud é nach dtacaíonn gach brabhsálaí gréasáin le comhlánú ar an scaileán

 

« Previous