12.07.2017
AN CHOMHGHAIRM

Fógra Faoi Chruinniú Toghcháin Chun Ochtar Ball de Sheanad na hOllscoile a Thoghadh
Fógraítear leis seo go rachaidh tréimhse oifige an tSeanaid in éag Dé Céadaoin, an 31ú lá de Dheireadh Fómhair 2017.
TOGHCHÁN CHOMHALTAÍ de SHEANAD OÉ leis an CHOMHGHAIRM
De réir Acht na nOllscoileanna, 1997 Alt 45 (2) den Acht sin, cuirfear san áireamh i measc bhallraíocht an tSeanaid ‘ochtar ball den Chomhghairm, ar mná ceathrar acu agus ar fir ceathrar acu’.
Is iad atá ar Chomhghairm na hOllscoile ná an Seansailéir, an Leas-Seansailéir, Comhaltaí an tSeanaid, Ollúna agus Léachtóirí na hOllscoile, agus Céimithe na hOllscoile.
DÁTA an CHRUINNITHE TOGHCHÁIN
Tionólfar Cruinniú Toghcháin na Comhghairme in Ollscoil na hÉireann, 49 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Dé Máirt, an 3ú lá de Dheireadh Fómhair 2017, ag a 10 a chlog am. Mairfidh an vótaíocht ar feadh uaire.
AINMNIÚCHÁIN
Duine ar bith a bheartófar a thoghadh, ainmneofar é/í le Páipéar Ainmniúcháin, arna shíniú ag beirt ar a laghad de Chomhaltaí na Comhghairme, nach foláir a bheith faighte as Cléireach na Comhghairme, 49 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Dé Máirt 25ú lúil 2017, nó roimhe.
Luafaidh an Páipéar Ainmniúcháin ainm agus seoladh an duine a bheas ainmnithe agus, mura seoladh in Éirinn an seoladh sin, luafaidh sé seoladh in Éirinn, agus beidh ag gabháil leis, i scríbhinn, toiliú an duine a bheas ainmnithe.
Gheofar Foirm Pháipéir Ainmniúcháin ach í a iarraidh ó Chléireach na Comhghairme, 49 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, nó is féidir í a íoslódáil ag an nasc thíos.
IARRATAS SCRÍOFA AR PHÁIPÉAR VOTÁLA
Caithfear iarratas a chur isteach ar pháipéar vótála ar nó roimh Dé Luain, 25ú Meán Fómhair, 2017.
Is gá iarratas ag lorg páipéar vótála a bheith i scríbhinn. Tá foirm iarratais ar fáil nó is féidir í a íoslódáil ag an nasc thíos. Glacfar chomh maith le hiarratais trí phost rialta don seoladh thíos, trí facs chuig 01 4392466, no trí ríomhphost chuig elections@nui.ie. Chun do pháipéar vótála a fháil, ní foláir na sonraí seo a leanas a chur in iúl:
• Ainmneacha agus sloinne (iomlán) (mar atá cláraithe ar Rollaí na hOllscoile)
• Sloinne eile a úsáidtear (murab ionann), m. sh. Béarla, pósta, singil
• Dáta Breithe
• Céim(eanna) agus Cáilíochta(í) eile OÉ
• Bliain(ta) a Bronnadh
• Institiúid(í) OÉ
• Sean seoladh (le haghaidh aitheantais)
• Buan Seoladh
John Hanley
Cléireach na Comhghairme
Ollscoil na hÉireann
49 Cearnóg Mhuirfean
Baile Átha Cliath 2
« Previous

